27 Ansin roinn an chreach ina dhá leath idir lucht troda an fheachtais agus an chuid eile den chomhthionól.
28 Cuir i leataobh mar chuid ranna don Tiarna as roinn na muintire a chuaigh amach ag troid san fheachtas, ceann as gach cúig céad cime agus damh agus asal agus caora.
29 Tóg iadsan as an leathroinn is dual dóibh agus tabhair iad do Eileázár an sagart mar íobairt don Tiarna.
30 As an leath atá ag dul do chlann Iosrael tóg ceann as gach caoga cime, agus damh, agus asal agus caora agus ainmhí ar bith eile, agus tabhair iad do na Léivítigh ar a bhfuil cúram thaibearnacal an Tiarna.”
31 Rinne Maois agus Eileázár an sagart mar a d'aithin an Tiarna do Mhaois.
32 Anois ba é seo méid na creiche a d'fhan den bhraid a ghabh na saighdiúirí: sé chéad seachtó cúig mhíle de mhionairnéis,
33 seachtó dó míle eallach,