32 Anois ba é seo méid na creiche a d'fhan den bhraid a ghabh na saighdiúirí: sé chéad seachtó cúig mhíle de mhionairnéis,
33 seachtó dó míle eallach,
34 seasca haon míle asal,
35 agus, de chimí, tríocha dó míle bean ar fad nár luigh le fear.
36 Agus an leath ba chion na muintire a ghlac páirt sa chogadh seo é: trí chéad tríocha seacht míle cúig céad de mhionairnéis
37 dar chuid an Tiarna trí chéad seachtó cúig,
38 tríocha sé mhíle eallach dar chuid an Tiarna seachtó dó,