39 tríocha míle cúig céad asal dar chuid an Tiarna seasca haon,
40 sé mhíle dhéag cime dar chuid an Tiarna tríocha dó.
41 Thug Maois do Eileázár an sagart an chuid a cuireadh i leataobh don Tiarna de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.
42 Maidir leis an leath ba dhual do chlann Iosrael, rud a chuir Maois ar leithrigh ó chuid na gcogthach,
43 is é seo an méid a bhí sa leath leis an gcomhthionól: trí chead tríocha seacht mhíle cúig céad de mhionairnéis,
44 tríocha sé mhíle eallach,
45 tríocha míle cúig céad asal,