41 Thug Maois do Eileázár an sagart an chuid a cuireadh i leataobh don Tiarna de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.
42 Maidir leis an leath ba dhual do chlann Iosrael, rud a chuir Maois ar leithrigh ó chuid na gcogthach,
43 is é seo an méid a bhí sa leath leis an gcomhthionól: trí chead tríocha seacht mhíle cúig céad de mhionairnéis,
44 tríocha sé mhíle eallach,
45 tríocha míle cúig céad asal,
46 sé mhíle dhéag cime.
47 As an leath seo, cion chlann Iosrael, thóg Maois ceann as gach caoga cime agus ainmhí, agus thug iad do na Léivítigh ar a raibh cúram thaibearnacal an Tiarna, de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.