47 As an leath seo, cion chlann Iosrael, thóg Maois ceann as gach caoga cime agus ainmhí, agus thug iad do na Léivítigh ar a raibh cúram thaibearnacal an Tiarna, de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.
48 Ceannasaithe na sluaite a throid, ceannairí na mílte agus ceannairí na gcéadta, thángadar go Maois
49 agus dúradar le Maois: “Chomhairigh do searbhóntaí na saighdiúirí faoina gceannas; níl fear ar iarraidh uainn.
50 Thugamar dá bhrí sin mar ofráil don Tiarna na seoda óir a fuaireamar - slabhraí rí agus géag, fáinní, cluasáin, agus dealga - chun go ndéanfaí gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar ár son i láthair an Tiarna.”
51 Ghlac Maois agus Eileázár an sagart leis an ór seo, leis na seoda seo, uathu.
52 Agus an t‑ór go léir a d'ofráladar don Tiarna sé méid a bhí ann sé mhíle dhéag, seacht gcéad agus caoga seicil; na ceannairí míle agus na ceannairí céad, is iad a bhronn.
53 Rug gach saighdiúir a chreach féin leis.