51 Ghlac Maois agus Eileázár an sagart leis an ór seo, leis na seoda seo, uathu.
52 Agus an t‑ór go léir a d'ofráladar don Tiarna sé méid a bhí ann sé mhíle dhéag, seacht gcéad agus caoga seicil; na ceannairí míle agus na ceannairí céad, is iad a bhronn.
53 Rug gach saighdiúir a chreach féin leis.
54 Ach thóg Maois agus Eileázár an sagart an t‑ór ó na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus thugadar leo isteach i mBoth na Teagmhála é mar chuimhneachán ar chlann Iosrael i bhfianaise an Tiarna.