6 Sheol Maois chun cogaidh iad míle as gach treibh agus Píneachás mac Eileázár an sagart leo ag iompar na soithí naofa agus na dtrumpaí chun an gháir a thógáil.
7 D'fhearadar cogadh ar Mhidián mar a d'ordaigh an Tiarna agus chuireadar gach mac máthar chun báis.
8 Mharaíodar chomh maith, de bharr ar an ár, rithe Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr agus Reaba, cúig rí Mhidián. D'imríodar bás de rinn claímh leis ar Bhalám mac Bheór.
9 Ghabh clann Iosrael mná agus miondaoine Mhidián ina gcimí, agus rugadar leo mar chreach a dtáinte, a dtréada agus a maoin go léir.
10 Chuireadar tine leis na cathracha go léir inar chónaíodar, agus lena n‑áitribh go léir.
11 Rugadar leo a gcreach go léir, a raibh gafa acu idir dhuine agus bheithíoch,
12 agus thugadar idir chimí agus bhraid agus chreach, go Maois agus go Eileázár an sagart agus go comhthionól chlann Iosrael go léir sa champa ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin, sall ó Ireachó.