9 Ghabh clann Iosrael mná agus miondaoine Mhidián ina gcimí, agus rugadar leo mar chreach a dtáinte, a dtréada agus a maoin go léir.
10 Chuireadar tine leis na cathracha go léir inar chónaíodar, agus lena n‑áitribh go léir.
11 Rugadar leo a gcreach go léir, a raibh gafa acu idir dhuine agus bheithíoch,
12 agus thugadar idir chimí agus bhraid agus chreach, go Maois agus go Eileázár an sagart agus go comhthionól chlann Iosrael go léir sa champa ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin, sall ó Ireachó.
13 Chuaigh Maois agus Eileázár an sagart, agus ceannairí uile an chomhthionóil amach lasmuigh den champa ina gcoinne.
14 Bhí fearg ar Mhaois le ceannasaithe an airm, ceannairí na mílte, agus ceannairí na gcéadta, a d'fhill ón bhfeachtas míleata sin.
15 Chuir Maois an cheist: “Cén fáth a ndearna sibh anacal anama ar na mná go léir?”