1 Bhí táinte móra de bha breátha ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád. Chonaiceadar anois gurb an-áit do stoc dúiche Iazaer agus dúiche Ghileád.
2 Chuaigh más ea clann Ghád agus clann Reúbaen go dtí Maois agus Eileázár an sagart agus go dtí ceannairí an chomhthionóil agus dúradar leo:
3 “Dúiche Atárot agus Díobon agus Iazaer agus Nimreá agus Heisbeon agus Eileálae agus Seabám agus Neabó agus Beon,
4 an dúiche a ghabh an Tiarna i bhfianaise chomhthionól Iosrael, is breá an talamh é do thógail stoic, agus tá stoc ag do shearbhóntaí.
5 Más fiú sinn do chairdeas,” ar siad, “tabhair an talamh seo i seilbh do shearbhóntaí; ná cuir d'iallach orainn dul thar Iordáin.”
6 Dúirt Maois le clann Ghád agus clann Reúbaen: “Tá bhur mbráithre ag dul chun cogaidh - an bhfuil sibh sásta fanacht mar a bhfuil sibh?