15 Má iompaíonn sibh agus gan é a leanúint, fágfaidh sé níos sia fós san fhásach iad, agus tabharfaidh sibh díth ar an bpobal seo ar fad.”
16 Thángadar ina chóngar agus dúradar: “B'áil linn cróite a thógáil anseo dár dtréada agus cathracha dár miondaoine;
17 ach tógfaimid féin airm inár lámha le dul ar aghaidh roimh chlann Iosrael go dtí go dtabharfaimid iad chun na háite atá in áirithe dóibh; fanfaidh ár miondaoine sna cathracha daingne, slán ó mhuintir na tíre.
18 Ní fhillfimid ar ár mbaile go mbeidh gach duine de chlann Iosrael i seilbh a oidhreachta.
19 Óir beimidne gan oidhreacht leosan ar an taobh eile den Iordáin nó níos sia ar aghaidh, mar is anseo, lastoir den Iordáin, a bhaineamar amach ár n‑oidhreacht.”
20 Dúirt Maois leo ansin: “Má dhéanann sibh de réir bhur mbriathra, agus arm a thógáil in bhur lámha le dul ar aghaidh sa chath roimh an Tiarna,
21 agus má ghabhann gach duine agaibh a iompraíonn arm thar an Iordáin roimh an Tiarna, nó go dtiomáinfidh sé a naimhde go léir amach roimhe,