29 Dúirt Maois leo: “Má ghabhann gach fear a iompraíonn arm de chlann Ghád agus de chlann Reúbaen thar an Iordáin libh chun troid roimh an Tiarna amach, nuair a bheidh an tír faoi smacht agaibh, ansin tugaigí tír Ghileád ina seilbh.
30 Ach mura dtéann siad anonn faoi airm libh, ansin ní foláir dóibh a n‑oidhreacht a bheith in bhur measc i dtír Chanán.”
31 D'fhreagair clann Ghád agus clann Reúbaen: “Déanfaimid ar ordaigh an Tiarna do do shearbhóntaí.
32 Rachaimid anonn faoi airm go tír Chanán roimh an Tiarna amach, ach ní foláir daoibh seilbh a fhágáil againn ar ár n‑oidhreacht lastall den Iordáin.”
33 Thug Maois dóibh - do chlann Ghád agus do chlann Reúbaen agus do leath-threibh Mhanaise mac Iósaef - riocht Shíochón rí na nAmórach, ríocht Óg rí Bháiseán, an fearann agus a chathracha agus a chríocha, agus cathracha na duíche timpeall.
34 Thóg clann Ghád Díobon agus Atárot agus Aróéir,
35 agus Atrot Siófán agus Iazaer agus Iogbahá,