32 Rachaimid anonn faoi airm go tír Chanán roimh an Tiarna amach, ach ní foláir daoibh seilbh a fhágáil againn ar ár n‑oidhreacht lastall den Iordáin.”
33 Thug Maois dóibh - do chlann Ghád agus do chlann Reúbaen agus do leath-threibh Mhanaise mac Iósaef - riocht Shíochón rí na nAmórach, ríocht Óg rí Bháiseán, an fearann agus a chathracha agus a chríocha, agus cathracha na duíche timpeall.
34 Thóg clann Ghád Díobon agus Atárot agus Aróéir,
35 agus Atrot Siófán agus Iazaer agus Iogbahá,
36 agus Béit Nimreá agus Béit Harán, cathracha daingne, agus cróite dá dtréada.
37 Thóg clann Reúbaen Heisbeon agus Eileálae agus Ciriátáím
38 agus Neabó agus Bál Meón (athraíodh a n‑ainmneacha seo) agus Sibmeá. Thugadar ainmneacha ar na cathracha a thógadar.