6 Dúirt Maois le clann Ghád agus clann Reúbaen: “Tá bhur mbráithre ag dul chun cogaidh - an bhfuil sibh sásta fanacht mar a bhfuil sibh?
7 Cad ab áil libh ag cur drochmhisneach ar chlann Iosrael dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh?
8 Sin é mar a rinne bhur n‑aithreacha nuair a sheol mé iad ó Cháidéis Bairnéa d'fhonn an tír a bhrath.
9 Ghabhadar suas go Gleann Eisciol agus thaiscéaladar an tír, ach d'fhágadar clann Iosrael gan de mhisneach acu dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh.
10 Uime sin las fraoch feirge an Tiarna an lá sin agus mhionnaigh sé mar leanas:
11 ‘Ambasa nach bhfaighidh aon fhear den dream a tháinig amach as an Éigipt, atá fiche bliain nó breis, radharc ar an tír a gheallas d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób. Óir níor leanadar mé go dílis -
12 seachas Cálaeb mac Iafuna an Cinizeach agus Iósua mac Nún mar leanadar seo an Tiarna go dílis.’