11 Chuireadar chun bealaigh ó Mhuir na nGiolcach agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shín.
12 Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shín agus shuíodar a gcampa i nDofcá.
13 Chuireadar chun bealaigh ó Dhofcá agus shuíodar a gcampa in Álúis.
14 Chuireadar chun bealaigh ó Álúis agus shuíodar a gcampa i Rifídím mar nach raibh aon uisce ag an bpobal le hól ann.
15 Chuireadar chun bealaigh ó Rifídím agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shíonái.
16 Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shíonái agus shuíodar a gcampa i gCiobrot Hatavá.
17 Chuireadar chun bealaigh ó Chiobrot Hatavá agus shuíodar a gcampa i Hazaerot.