20 Chuireadar chun bealaigh ó Riomon Peiriz agus shuíodar a gcampa i Libneá.
21 Chuireadar chun bealaigh ó Libneá agus shuíodar a gcampa i Riosá.
22 Chuireadar chun bealaigh ó Riosá agus shuíodar a gcampa i gCahaelátá.
23 Chuireadar chun bealaigh ó Chahaelátá agus shuíodar a gcampa ag Sliabh Sheifir.
24 Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Sheifir agus shuíodar a gcampa i Harádá.
25 Chuireadar chun bealaigh ó Harádá agus shuíodar a gcampa i Macaelot.
26 Chuireadar chun bealaigh ó Mhacaelot agus shuíodar a gcampa i dTáchat.