3 D'fhágadar Ramasaes an chéad mhí. Ba ar an gcúigiú lá déag den chéad mhí, an lá tar éis na Cásca, a chuir clann Iosrael chun bealaigh go caithréimeach os comhair súile na nÉigipteach go léir.
4 Bhí na hÉigiptigh ag adhlacadh ar mharaigh an Tiarna dá muintir féin, gach céadghin leo; bhí breith tugtha ag an Tiarna ar a ndéithe.
5 Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó Ramasaes agus shuíodar a gcampa i Sucót.
6 Ansin chuireadar chun bealaigh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh
7 Chuireadar chun bealaigh ó Éatám agus d'fhilleadar go Pí Haichíorót atá soir ó Bhálzafón, agus shuíodar a gcampa i Migdeol.
8 Chuireadar chun bealaigh ó Phí Haichíorót agus ghabhadar thar farraige isteach san fhásach; tar éis aistear trí lá a dhéanamh i bhfásach Éatám, shuíodar a gcampa i Márá.
9 Chuireadar chun bealaigh ó Mhárá agus shroicheadar Éilím; bhí deich dtobar fíoruisce agus seachtó crann pailme in Éilím agus shuíodar a gcampa ann.