32 Chuireadar chun bealaigh ó Bheiné Iacán agus shuíodar a gcampa i Hor Haigidgeád.
33 Chuireadar chun bealaigh ó Hor Haigidgeád agus shuíodar a gcampa in Iotbátá.
34 Chuireadar chun bealaigh ó Iotbátá agus shuíodar a gcampa in Abroná.
35 Chuireadar chun bealaigh ó Abroná agus shuíodar a gcampa in Eizion Geibir.
36 Chuireadar chun bealaigh ó Eizion Geibir agus shuíodar a gcampa i bhfásach Zin, Cáidéis is é sin.
37 Chuireadar chun bealaigh ó Cháidéis agus shuíodar a gcampa i Sliabh Hor, ar imeall chríoch Eadóm.
38 Ghabh Árón an sagart suas Sliabh Hor faoi ordú an Tiarna agus fuair sé bás ansiúd sa daicheadú bliain tar éis d'Iosrael teacht as an Éigipt, sa chúigiú mí agus ar an gcéad lá den chúigiú mí sin.