40 An Canánach, rí Arád, a chónaigh sa Neigib i dtír Chanán, chuala sé i dtaobh clann Iosrael a theacht.
41 Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Hor agus shuíodar a gcampa i Zalmoná.
42 Chuireadar chun bealaigh ó Zalmoná agus shuíodar a gcampa i bPúnon.
43 Chuireadar chun bealaigh ó Phúnon agus shuíodar a gcampa in Obot.
44 Chuireadar chun bealaigh ó Obot agus shuíodar a gcampa in Ié Abáraím i gcríocha Mhóáb.
45 Chuireadar chun bealaigh ó Iím agus shuíodar a gcampa i nDíobon Gád.
46 Chuireadar chun bealaigh ó Dhíobon Gád agus shuíodar a gcampa in Almon Dibleátáím.