43 Chuireadar chun bealaigh ó Phúnon agus shuíodar a gcampa in Obot.
44 Chuireadar chun bealaigh ó Obot agus shuíodar a gcampa in Ié Abáraím i gcríocha Mhóáb.
45 Chuireadar chun bealaigh ó Iím agus shuíodar a gcampa i nDíobon Gád.
46 Chuireadar chun bealaigh ó Dhíobon Gád agus shuíodar a gcampa in Almon Dibleátáím.
47 Chuireadar chun bealaigh ó Almon Dibleátáím agus shuíodar a gcampa i Sléibhte Abáraím, sall ó Neabó.
48 Chuireadar chun bealaigh ó Shléibhte Abáraím agus shuíodar a gcampa i machairí Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall.
49 Shuíodar a gcampa láimh leis an Iordáin idir Béit-ha-Isimiot agus Ábael-ha-Sitím ar mhachairí Mhóáb.