48 Chuireadar chun bealaigh ó Shléibhte Abáraím agus shuíodar a gcampa i machairí Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall.
49 Shuíodar a gcampa láimh leis an Iordáin idir Béit-ha-Isimiot agus Ábael-ha-Sitím ar mhachairí Mhóáb.
50 Labhair an Tiarna le Maois ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó, agus dúirt:
51 “Abair le clann Iosrael: ‘Nuair a ghabhann sibh thar an Iordáin isteach i dtír Chanán,
52 ansin ní foláir daoibh an mhuintir go léir atá ina gcónaí sa tír a thiomáint amach romhaibh, agus a gclocha greanta go léir a scrios, agus a ndealbha leáite a scrios, agus a n‑áiteanna arda go léir a scartáil.
53 Gabhaigí seilbh ar an tír agus cuirigí fúibh ann, óir thug mé an tír daoibh mar shealúchas.
54 Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D'fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d'fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n‑oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha.