53 Gabhaigí seilbh ar an tír agus cuirigí fúibh ann, óir thug mé an tír daoibh mar shealúchas.
54 Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D'fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d'fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n‑oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha.
55 Mura dtiomáineann sibh dúchasaigh na tíre amach romhaibh, ansin iad siúd a fhágfaidh sibh ann, beidh siad mar dhealga in bhur súile agus mar bhioranna in bhur gcliatháin; ciapfaidh siad sibh sa tír ina mbeidh cónaí oraibh,
56 agus tabharfaidh mé oraibhse an íde a mheasas a thabhairt orthusan.’ ”