15 Tá a n‑oidhreacht faighte ag an dá threibh go leith sin cheana féin lastall den Iordáin ar aghaidh Ireachó sall, soir i dtreo éirí gréine.”
16 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
17 “Seo iad ainmneacha na dtaoiseach a roinnfidh an fearann oraibh mar oidhreacht: Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún;
18 tógaigí taoiseach as gach treibh chun an fearann a roinnt mar oidhreacht.
19 Seo iad ainmneacha na bhfear sin:Do threibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna.
20 Do threibh chlann Shímeon, Seamúéil mac Aimíohúd.
21 Do threibh Bhiniáimin, Eilídeád mac Chisleon.