2 “Tabhair an t‑ordú seo leanas do chlann Iosrael: ‘Nuair a rachaidh sibh isteach i dtír Chanán, seo iad na críocha a bheidh mar oidhreacht agaibh; seo é tír Chanán á rianú ag a theorainneacha:
3 Sínfidh deisceart bhur gcríoch ó fhásach Zin ar theorainn Eadóm. Tosóidh teorainn theas bhur dtíre ag imeall Mhuir an tSalainn thoir
4 agus casfaidh sí ó dheas i dtreo Ard na Scairpeanna agus trasna go Zin agus ag stad laisteas de Cháidéis Bairnéa; rachaidh sí as sin i dtreo Hazar Adár agus ar aghaidh go Azmon.
5 Casfaidh an teorainn ó Azmon i dtreo Shileán na hÉigipte agus stadfaidh sí ag an Muir.
6 Beidh an Mhuir Mhór ar bhur bhfeorainn agus is í a bheidh mar theorainn thiar agaibh.
7 Sé seo a bheidh mar theorainn thuaidh agaibh: tarraing líne duit féin ón Muir Mhór go Sliabh Hor;
8 ansin ó Shliabh Hor tarraing líne go Bealach Hamát, agus beidh deireadh na teorann ag Zadád.