1 Labhair an Tiarna le Maois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall agus dúirt:
2 “Ordaigh do chlann Iosrael cathracha le cónaí iontu, agus talamh féaraigh timpeall na gcathracha, a thabhairt do na Léivítigh as an oidhreacht ina seilbh; tugaigí an méid sin do na Léivítigh.
3 Bíodh na cathracha mar bhaile acu agus an féarach máguaird acu dá n‑eallach, dá stoc, agus dá n‑ainmhithe go léir.
4 Féarach na gcathracha máguaird a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, síneadh sé míle banlámh ó bhallaí na cathrach amach ar gach taobh.