1 Labhair an Tiarna le Maois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall agus dúirt:
2 “Ordaigh do chlann Iosrael cathracha le cónaí iontu, agus talamh féaraigh timpeall na gcathracha, a thabhairt do na Léivítigh as an oidhreacht ina seilbh; tugaigí an méid sin do na Léivítigh.
3 Bíodh na cathracha mar bhaile acu agus an féarach máguaird acu dá n‑eallach, dá stoc, agus dá n‑ainmhithe go léir.
4 Féarach na gcathracha máguaird a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, síneadh sé míle banlámh ó bhallaí na cathrach amach ar gach taobh.
5 Lasmuigh den chathair déanaigí dhá mhíle banlámh a thomhas lastoir, agus dhá mhíle banlámh laisteas, agus dhá mhíle banlámh laistiar, agus dhá mhíle banlámh lastuaidh, agus an baile i lár baill; bíodh sin ina thalamh féaraigh ag na cathracha seo.
6 Ar na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, beidh sé chathair thearmainn, mar a gceadóidh sibh don lámh dhearg teitheadh; agus ina dteannta tugaigí dhá chathair agus daichead eile.
7 Tugaigí ocht gcathair agus daichead ar fad do na Léivítigh mar aon lena dtalamh féaraigh.