21 nó má bhuail sé buille dhorn marfach air le holc, ansin ní foláir an té a bhuail an buille a chur chun báis; is dúnmharfóir é; ní foláir don díoltach fola é a chur chun báis nuair a bhuaileann sé leis.
22 Ach más trí chinniúint a thug sé drochíde ar an duine, gan mhailís, nó má chaith sé urchar leis agus gan a bheith i luíochán air,
23 nó má scaoil sé cloch sás a mharaithe anuas air gan é a fheiceáil agus gur mharaigh sé é amhlaidh sin, chomh fada is nach raibh olc aige dó nó drochrún aige chuige,
24 ansin ní foláir don chomhthionól breith a thabhairt de réir na rialacha seo idir an té a rinne an marú agus an díoltach fola,
25 agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t‑ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás.
26 Má théann an marfóir aon uair thar teorainneacha na cathrach tearmainn dár theith sé,
27 agus go bhfaigheann an díoltach fola greim air lasmuigh de theorainneacha a chathrach tearmainn, ní cás don díoltach é a mharú gan cion a fhola air.