26 Má théann an marfóir aon uair thar teorainneacha na cathrach tearmainn dár theith sé,
27 agus go bhfaigheann an díoltach fola greim air lasmuigh de theorainneacha a chathrach tearmainn, ní cás don díoltach é a mharú gan cion a fhola air.
28 Óir ní foláir don mharfóir fanacht ina chathair thearmainn go bhfaighe an t‑ardsagart bás; tar éis bhás an ardsagairt tá cead ag an marfóir filleadh ar an áit ina bhfuil a mhaoin.
29 Bíodh feidhm dlí agus reachta ag na treoracha sin agaibhse agus ag bhur sliocht cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh,
30 i gcás gach marú is ar fhianaise finnéithe nach foláir an marfóir a chur chun báis; ní chuirfear aon duine chun báis ar fhianaise duine aonair.
31 Ná glacaigí éiric ar son anam marfóra a daoradh chun báis; ní foláir é a chur chun báis.
32 Agus ná glacaigí éiric ar son duine a theith chun cathrach tearmainn ach ar mian leis filleadh agus maireachtáil sa bhaile roimh bhás don ardsagart.