8 Agus gach iníon ag a bhfuil oidhreacht i dtreibh de chlann Iosrael, ní foláir di pósadh i bhfine de threibh a hathar, i dtreo go mbeidh oidhreacht a aithreacha ag gach duine de chlann Iosrael.
9 Ná hathraítear aon oidhreacht ó threibh go treibh eile; cloíodh gach treibh de chlann Iosrael lena n‑oidhreacht féin.’ ”
10 Rinne iníonacha Zalofachád mar a d'aithin an Tiarna do Mhaois.
11 Phós Machlá, Tirzeá, agus Hoglá, agus Milceá, agus Noá, iníonacha Zalofachád, mic deartháireacha a n‑athar.
12 Ós rud é gur phósadar i bhfiní chlann Mhanaise mhic Iósaef, d'fhill a n‑oidhreacht ar threibh fhine a n‑athar.
13 Sin iad na haitheanta agus na dlithe a d'aithin an Tiarna do chlann Iosrael trí Mhaois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.