1 Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
2 “Déan daonáireamh ar na Léivítigh sin atá de shliocht Chohát de réir fine agus clainne;
3 áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.
4 Seo iad dualgais chlann Chohát i mBoth na Teagmhála: tá na nithe sárnaofa ina gcúram.
5 Nuair a scoirtear campa téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus togaidís anuas fial an scáthláin, agus clúdaídís áirc na Fianaise leis.