11 “Leathaidís éadach corcra ar an altóir óir agus leagaidís clúdach de leathar mín air sin. Cuiridís na cuaillí i ngreim ann ansin.
12 Tógaidís na gréithe eile go léir a úsáidtear i seirbhís an tsanctóra, agus leagaidís ar éadach corcra iad go léir agus clúdaídís iad le brat de leathar mín agus cuiridís lena chéile ar an mbarra iad.
13 “Tógaidís an luaithreach den altóir agus leathaidís éadach corcra uirthi,
14 agus leagaidís air sin gréithe uile na haltóra, a úsáidtear sa tseirbhís liotúirge, mar atá na miasa tine, na gabhla, na liacha, na báisiní agus soithí uile na haltóra. Leathaidís brat de leathar mín ar an méid sin go léir agus cuiridís na cuaillí i ngreim ann.
15 Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.
16 “Agus Eileázár mac Árón an sagart, bíodh sé i bhfeighil na hola don solas, na túise cumhra, na habhlainne síoraí, agus an chriosma; tugadh sé aire don taibearnacal uile agus do gach a bhfuil ann, don sanctóir agus dá mbaineann leis.”
17 Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: