16 “Agus Eileázár mac Árón an sagart, bíodh sé i bhfeighil na hola don solas, na túise cumhra, na habhlainne síoraí, agus an chriosma; tugadh sé aire don taibearnacal uile agus do gach a bhfuil ann, don sanctóir agus dá mbaineann leis.”
17 Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
18 “Na gearraigí amach treabhchas sliocht Chohát ó líon na Léivíteach.
19 Ach déanaigí mar seo leo i dtreo go mairidís agus go dtiocfaidís slán ón mbás nuair a rachaidh siad i ngar do na nithe sárnaofa: téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus leagaidís a ghnó agus a shaothar ar gach duine díobh.
20 Ar an gcaoi sin ní miste dóibh dul isteach ach gan súil a leagan fiú ar feadh nóiméid ar na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás.”
21 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
22 “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Ghéirseon de réir fine agus clainne;