19 Ach déanaigí mar seo leo i dtreo go mairidís agus go dtiocfaidís slán ón mbás nuair a rachaidh siad i ngar do na nithe sárnaofa: téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus leagaidís a ghnó agus a shaothar ar gach duine díobh.
20 Ar an gcaoi sin ní miste dóibh dul isteach ach gan súil a leagan fiú ar feadh nóiméid ar na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás.”
21 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
22 “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Ghéirseon de réir fine agus clainne;
23 áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.
24 Seo iad dualgais sleachta Ghéirseon, a bhfeidhmeanna agus a n‑ualaí.
25 Iompraídís brait an taibearnacail, Both na Teagmhála lena dhíon agus an clúdach de leathar mín a théann air, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála,