24 Seo iad dualgais sleachta Ghéirseon, a bhfeidhmeanna agus a n‑ualaí.
25 Iompraídís brait an taibearnacail, Both na Teagmhála lena dhíon agus an clúdach de leathar mín a théann air, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála,
26 brait na faiche agus an chliath don doras chun na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, na téada agus a mbaineann leo, agus gach rud atá riachtanach. Bíodh an méid sin go léir faoina gcúram.
27 Dualgais uile chlann Ghéirseon - a n‑ualaí agus a gcúraimí - déantar iad a chomhlíonadh faoi threoir Árón agus a mhac; féachaigí chuige nach ndéanann siad faillí ina bhfuil le hiompar acu.
28 Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht na nGéirseonach i mBoth na Teagmhála. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí.
29 “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Mharáraí de réir fine agus clainne;
30 áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.