27 Dualgais uile chlann Ghéirseon - a n‑ualaí agus a gcúraimí - déantar iad a chomhlíonadh faoi threoir Árón agus a mhac; féachaigí chuige nach ndéanann siad faillí ina bhfuil le hiompar acu.
28 Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht na nGéirseonach i mBoth na Teagmhála. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí.
29 “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Mharáraí de réir fine agus clainne;
30 áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.
31 Seo iad an t‑ualach agus na cúraimí go léir atá le comhlíonadh acu i mBoth na Teagmhála: creat an taibearnacail lena mhaidí snaidhme, a phollaí agus a cheapa;
32 na pollaí timpeall na faiche lena gceapa, a bpionnaí, a dtéada, agus gach a ngabhann leo. Déanaigí liosta dá n‑ainmneacha leis na hualaí a chaithfidh gach duine a iompar.
33 Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht Mharáraí. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí go léir i mBoth na Teagmhála.”