33 Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht Mharáraí. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí go léir i mBoth na Teagmhála.”
34 Rinne Maois agus Árón agus ceannairí an chomhthionóil daonáireamh ar chlann Chohát de réir clainne agus fine;
35 áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.
36 Ba é líon a dtreabhchas dhá mhíle seacht gcéad agus a caoga fear.
37 Ba é sin líon treabhchais Chohát, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo, agus a d'áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.
38 Rinneadh daonáireamh ar chlann Ghéirseon de réir clainne agus fine;
39 áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.