36 Ba é líon a dtreabhchas dhá mhíle seacht gcéad agus a caoga fear.
37 Ba é sin líon treabhchais Chohát, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo, agus a d'áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.
38 Rinneadh daonáireamh ar chlann Ghéirseon de réir clainne agus fine;
39 áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.
40 Ba é líon a gclann agus a bhfiní dhá mhíle sé chéad agus a tríocha fear.
41 Ba é sin líon treabhchais Ghéirseon, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo agus a d'áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna.
42 Rinneadh daonáireamh ar fhiní chlann Mharáraí de réir fine agus clainne: