4 Seo iad dualgais chlann Chohát i mBoth na Teagmhála: tá na nithe sárnaofa ina gcúram.
5 Nuair a scoirtear campa téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus togaidís anuas fial an scáthláin, agus clúdaídís áirc na Fianaise leis.
6 Cuiridís brat de leathar mín anuas air seo agus leathaidís éadach lánchorcra ar an iomlán. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim san áirc.
7 Leathaidís brat corcra ar bhord arán na láithreachta agus leagaidís air na miasa, na túisteáin, na cuacha agus crúscaí na n‑íobairtí dí; leagtar arán na síorofrála air chomh maith.
8 Leathaidís brat craorag anuas orthu sin agus clúdaídís an t‑iomlán faoi leathar mín. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim sa bhord.
9 “Ansin tógaidís éadach corcra agus clúdaídís an coinnleoir solais lena lampaí agus a smóladáin agus a shileadáin agus na crúscaí ola a ghabhann leis.
10 Cuiridís é féin agus a ghréithe go léir faoi chlúdach de leathar mín agus leagaidís é ar an mbarra.