42 Rinneadh daonáireamh ar fhiní chlann Mharáraí de réir fine agus clainne:
43 áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.
44 Ba é líon a bhfiní trí mhíle dhá chéad fear.
45 Ba é sin líon treabhchais Mharáraí a d'áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.
46 Ba é líon iomlán na Léivíteach a d'áirigh Maois agus Árón agus ceannairí Iosrael -
47 na fir go léir idir tríocha agus leathchéad a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt nó ualaí a iompar i mBoth na Teagmhála -
48 ocht míle cúig chéad agus a hochtó fear.