45 Ba é sin líon treabhchais Mharáraí a d'áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.
46 Ba é líon iomlán na Léivíteach a d'áirigh Maois agus Árón agus ceannairí Iosrael -
47 na fir go léir idir tríocha agus leathchéad a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt nó ualaí a iompar i mBoth na Teagmhála -
48 ocht míle cúig chéad agus a hochtó fear.
49 Ar ordú an Tiarna trí Mhaois, rinneadh an daonáireamh ag leagan a dhualgais agus a ualaigh ar gach fear; áiríodh iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.