1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2 “Ordaigh do chlann Iosrael gach lobhar agus gach duine óna bhfuil sileadh, nó atá truaillithe trí bhaint le corpán, a chur as an gcampa amach.
3 Cuirigí as an gcampa amach iad idir fhir agus mhná, agus coinnigí ón gcampa iad, i dtreo nach dtruailleodh clann Iosrael ar an gcaoi sin an campa ina mairim ina measc.”
4 Rinne clann Iosrael amhlaidh; chuireadar as an gcampa amach iad. Rinne clann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.