12 “Labhair le clann Iosrael agus abair:“Má théann bean duine ar fán agus go mbíonn sí mídhílis dó,
13 má luíonn fear eile léi gan fhios dá céile, agus má thruaillíonn sí í féin gan fhios ar an gcuma seo, gan aon fhinné ina coinne, agus nach mbeirtear uirthi sa ghníomh,
14 agus ansin taom éada a theacht ar an gcéile agus go dtagann éad air faoina bhean a thruailligh í féin: nó arís má bhuaileann taom éada é agus go dtagann éad air faoina bhean fiú amháin agus gan í tar éis a truaillithe,
15 ní foláir don fhear a bhean a thabhairt os comhair an tsagairt, agus ofráil deachú éafá min eorna a dhéanamh. Ná doirteadh sé ola uirthi, agus ná cuireadh sé túis chumhra uirthi, óir is ‘abhlann éada’ í seo, abhlann chuimhneacháin i gcuimhne ar locht.
16 Tugadh an sagart an bhean i láthair ansin, agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í.
17 Tógadh sé uisce coisricthe ansin i soitheach cré agus cuireadh sé san uisce roinnt smúite a thógfaidh sé d'urlár an taibearnacail.
18 Tar éis don sagart an bhean a chur i láthair an Tiarna, scaoileadh sé le folt a cinn agus cuireadh sé an abhlann chuimhneacháin (an abhlann éada is é sin) ina lámha. Bíodh uisce an tseirfin, an sás mallachta, ina láimh féin.