7 Déanadh sé an peaca a rinne sé a admháil agus an tsuim iomlán dá bhfuil sé freagrach a aisíoc, agus cúigiú de bhreis léi; déanadh sé an t‑aisíoc leis an té ar a ndearna sé an éagóir.
8 Ach mura mbíonn gaol ag an duine lena bhféadfaí an t‑aisíoc san éagoir seo a dhéanamh, filleann an t‑aisíoc atá ag dul don Tiarna ar an sagart, de bhreis ar an reithe leorghnímh lena ndéanann an sagart leorghníomh ar son an chiontaigh.
9 Óir de gach rud a choisriceann clann Iosrael agus a thugtar chun an tsagairt, tá ceart aige chun na coda a chuirtear ar leithrigh.
10 Cibé rud a choisriceann duine is leis féin é; cibé rud a thugann duine don sagart, is leis an sagart é.”
11 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
12 “Labhair le clann Iosrael agus abair:“Má théann bean duine ar fán agus go mbíonn sí mídhílis dó,
13 má luíonn fear eile léi gan fhios dá céile, agus má thruaillíonn sí í féin gan fhios ar an gcuma seo, gan aon fhinné ina coinne, agus nach mbeirtear uirthi sa ghníomh,