10 Ar an ochtú lá tugadh sé dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála.
11 Ofráladh an sagart ceann díobh mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt loiscthe, agus comhlíonadh sé ansin gnás an leorghnímh ar son na truaillitheachta a luigh air de bharr an chorpáin. Déanadh sé a cheann a choisreacan an lá céanna;
12 agus déanadh sé é féin a choisreacan don Tiarna i gcaitheamh a naizíreachta ar fad, agus tugadh sé uan fireann bliana mar íobairt leorghnímh. Ní chuirfear an t‑am caite cheana san áireamh, mar gur truaillíodh a naizíreacht.
13 Seo é an gnás atá le leanúint ag naizíreach nuair a bheidh tréimhse a naizíreachta comhlíonta. Tugtar é go doras Bhoth na Teagmhála
14 agus déanadh sé a ofráil don Tiarna: mar íobairt loiscthe uan fireann bliana gan mháchail; mar íobairt chomaoineach, reithe gan mháchail,
15 agus cliabh de bhuilíní slimaráin de phlúr mín fuinte le hola agus de chácaí gan ghabháile le hola leata orthu, mar aon leis na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo.
16 Cuireadh an sagart na nithe sin i láthair an Tiarna agus ofráladh sé an íobairt pheaca agus an íobairt loiscthe dó.