16 Cuireadh an sagart na nithe sin i láthair an Tiarna agus ofráladh sé an íobairt pheaca agus an íobairt loiscthe dó.
17 Ofráladh an naizíreach an íobairt chomaoineach leis an reithe agus leis an slimarán sa chliabh, agus ofráladh an sagart an abhlann agus an íobairt dhoirte mar an gcéanna.
18 Ansin bearradh an naizíreach a cheann coisricthe ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tógadh sé gruaig a chinn choisricthe agus leagadh í ar an tine atá faoin íobairt chomaoineach.
19 Ansin tógadh an sagart slinneán an reithe, nuair a bhíonn sé bruite, agus builín slimaráin ón gcliabh, agus cáca gan ghabháile, agus leagadh sé ar lámha an naizírigh iad tar éis dó a ghruaig choisricthe a bhearradh.
20 Déanadh sé an chuid sin a ofráil don Tiarna mar dhleacht ar leith; is cuid naofa don sagart í, mar aon leis an mbrollach a ofráladh agus leis an gceathrú a cuireadh i leataobh. Ní miste don naizíreach fíon a ól ina dhiaidh sin.
21 Sin é an gnás don naizíreach a thug móid. Má mhóidigh sé, seachas [a cheann gruaige], ofráil phearsanta don Tiarna - seachas cibé rud eile a bheadh ar a acmhainn - ní foláir dó an mhóid a thug sé a chomhlíonadh de bhreis ar cibé rud a éilíonn an gnás ar son a ghruaige.”
22 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: