18 Ansin bearradh an naizíreach a cheann coisricthe ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tógadh sé gruaig a chinn choisricthe agus leagadh í ar an tine atá faoin íobairt chomaoineach.
19 Ansin tógadh an sagart slinneán an reithe, nuair a bhíonn sé bruite, agus builín slimaráin ón gcliabh, agus cáca gan ghabháile, agus leagadh sé ar lámha an naizírigh iad tar éis dó a ghruaig choisricthe a bhearradh.
20 Déanadh sé an chuid sin a ofráil don Tiarna mar dhleacht ar leith; is cuid naofa don sagart í, mar aon leis an mbrollach a ofráladh agus leis an gceathrú a cuireadh i leataobh. Ní miste don naizíreach fíon a ól ina dhiaidh sin.
21 Sin é an gnás don naizíreach a thug móid. Má mhóidigh sé, seachas [a cheann gruaige], ofráil phearsanta don Tiarna - seachas cibé rud eile a bheadh ar a acmhainn - ní foláir dó an mhóid a thug sé a chomhlíonadh de bhreis ar cibé rud a éilíonn an gnás ar son a ghruaige.”
22 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
23 “Abair le hÁrón agus lena chlann mhac: ‘Seo mar a bheannóidh sibh clann Iosrael. Abraigí leo:
24 Go mbeannaí an Tiarna thú agus go gcumhdaí sé thú.