4 Fad a mhaireann a mhóid ná caitheadh sé aon ní a thagann ón bhfíniúin, fiú an glas-súlach nó an deascadh.
5 Fad a bhíonn sé faoi cheangal na móide ná baineadh rásúr lena cheann; nó go mbíonn ré a choisricthe don Tiarna slánaithe, bíodh sé naofa agus ligeadh sé dá chuid gruaige bheith ag fás léi ar a cheann.
6 Fad a bhíonn sé coisricthe don Tiarna ná téadh sé i ngar do chorpán.
7 Ná déanadh sé é féin neamhghlan ar son athar ná máthar, ar son dearthár na deirféar, má chailltear iad; tá a choisreacan dá Dhia ar a cheann aige.
8 Ó thús deireadh a naizíreachta is duine é atá coisricthe don Tiarna.
9 Má thiteann an t‑anam as duine go tobann ina láthair agus go bhfágtar neamhghlan a cheann coisricthe ní foláir dó a cheann a bhearradh lá a ghlanta; bearradh sé a cheann ar an seachtú lá.
10 Ar an ochtú lá tugadh sé dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála.