1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2 “Abair le hÁrón: ‘Nuair a dhéanfaidh tú na lampaí a chóiriú, ní foláir do na seacht lampaí a solas a chaitheamh amach os comhair an choinnleora.’ ”
3 Rinne Árón amhlaidh. Chóirigh sé na lampaí le solas a chaitheamh os comhair an choinnleora mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
4 Ba d'ór buailte an coinnleoir, idir chrann agus bheangáin - ba d'ór buailte iadsan chomh maith. Rinneadh an coinnleoir de réir an phatrúin a thaispeáin an Tiarna do Mhaois.