16 óir tugadh dom go hiomlán mar thoirbheartaigh iad ó i measc chlann Iosrael, agus tá siad le bheith ina n‑áit siúd a d'oscail an bhroinn, na céadghinte; rinne mé mo chuid féin díobh as clann Iosrael go léir.
17 Óir is liomsa gach céadghin ar chlann Iosrael, idir fhear agus ainmhí; an lá a mharaigh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte, rinne mé iad a choisreacan dom féin,
18 agus anois thóg mé na Léivítigh in áit gach céadghin ar chlann Iosrael.
19 Thug mé na Léivítigh d'Árón agus dá mhaca mar thoirbheartaigh de chlann Iosrael; déanfaidh siad seirbhís i mBoth na Teagmhála thar ceann chlann Iosrael, agus comhlíonfaidh siad gnás an leorghnímh ar son chlann Iosrael i dtreo nach mbuailfeadh aon phlá iadsan má rachadh aon chuid de chlann Iosrael i ngar don sanctóir.”
20 Sin mar a rinne Maois agus Árón agus comhthionól uile chlann Iosrael leis na Léivítigh, go cruinn beacht mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois i dtaobh na Léivíteach; sin mar a rinne clann Iosrael leo.
21 Ghlan na Léivítigh iad féin ó pheaca, agus nigh siad a gcuid éadaigh; d'ofráil Árón iad mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Ansin chomhlíon Árón gnás an leorghnímh thar a gceann á nglanadh.
22 Ansin ghabh na Léivítigh isteach chun a seirbhís a dhéanamh i mBoth na Teagmhála ag fónamh d'Árón agus dá mhaca. Rinneadh leis na Léivítigh de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ina dtaobh.