3 An ceathrú lá déag den mhí seo, idir dhá sholas tráthnona, an t‑am atá ceaptha daoibh í a choimeád. Ní foláir daoibh í a cheiliúradh de réir gach dlí agus gnás a bhaineann léi.”
4 D'ordaigh Maois do chlann Iosrael dá bhrí sin an Cháisc a choimeád.
5 Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.
6 Bhí fir áirithe a bhí neamhghlan mar gur bhaineadar le corpán agus nárbh fhéidir dóibh an Cháisc a cheiliúradh an lá sin. Thángadar go Maois agus go hÁrón an lá sin féin,
7 agus dúirt siad leis: “Táimid fágtha neamhghlan mar gur bhaineamar le corpán; cén fáth a bhfuiltear a chosc orainne ofráil a dhéanamh don Tiarna ag an am cuí in éineacht leis an gcuid eile de chlann Iosrael?”
8 D'fhreagair Maois iad: “Fanaigí mar a bhfuil sibh go gcluine mé cad é an t‑ordú a thabharfaidh an Tiarna fúibh.”
9 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: