Apacailipsis (Taispeántadh) 10 ABN

An Pionós Deiridh ag Bagairt

1 Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,

2 agus bhí scrolla beag ar oscailt aige ina lámh. Chuir sé a chos dheas ar an bhfarraige agus a chos chlé ar an talamh,

3 agus ghlaoigh sé de ghlór ard mar leon ag búireadh. Agus nuair a ghlaoigh, labhair na seacht dtoirneach lena nglór ar leith féin.

4 Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis á rá: “Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”

5 Agus an t‑aingeal a chonaic mé ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh, d'ardaigh sé a lámh chun na bhflaitheas agus

6 mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta,

7 ach sna laethanta a ghlaofaidh an seachtú haingeal, nuair a bheidh sé ar tí a thrumpa a shéideadh, ansin beidh rúndiamhair Dé arna comhlíonadh faoi mar a d'fhógair sé dá sheirbhísigh, na fáithe.”

Itheann an Físí Scrolla

8 Ansin an guth a chuala ó na flaithis labhair sé liom arís, agus dúirt sé liom: “Ar aghaidh leat, tóg an scrolla atá ar oscailt i lámh an aingil atá ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh.”

9 Chuaigh mé chun an aingil á rá leis an scrolla beag a thabhairt dom. Agus dúirt sé liom: “Tóg agus slog é, agus cuirfidh sé casadh searbh ar do ghoile, ach beidh sé milis mar mhil i do bhéal.”

10 Thóg mé an scrolla beag, más ea, ó lámh an aingil agus shlog mé é, agus bhí sé milis mar mhil i mo bhéal, agus nuair a bhí sé ite agam tháinig casadh searbh ar mo ghoile.

11 Ansin dúradh liom: “Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha (agus teangacha) agus a lán ríthe.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22